Unleash Your Potential with AURA

Scaoil amach do chumas le AURA

Aimsigh an compánach téarnaimh is fearr do shlí maireachtála gníomhach. Baineann Uachtar Téarnamh Spóirt AURA, atá cruthaithe go paiteanta ag cógaiseoirí, leas as cumhacht nádúrtha an chapaiscin i bpiobair sillí le mothúchán faoisimh agus athbheochana a thabhairt duit tar éis tamall diantraenála nó laethanta fada. Don lúthchleasaí díograiseach nó don duine atá ag lorg faoisimh agus compoird, meascann AURA an eolaíocht agus an nádúr chun tú a choinneáil ag dul chun cinn.

Cén fáth AURA?
●    Foirmle den Scoth Rinneadh AURA a fhorbairt go cúramach le comhábhair nádúrtha agus le cruinneas eolaíoch chun tacú le do théarnamh.
●    Compord Teolaí: Tá ár n-uachtar insilte le capsaicin a chruthaíonn mothúchán teasa le faoiseamh a thabhairt do mhatáin agus d’ailt.
●    Úsáid Ilghnéitheach: Foirfe do lúthchleasaithe, do lucht aclaíochta nó do dhuine ar bith a bhfuil faoiseamh iarghníomhaíochta de dhíth orthu.
●    Úsáid Áisiúil: Tiúb 100ml atá éasca le húsáid, agus deartha le cur san áit a bhfuil an gá is mó leis.
 
Conas AURA a úsáid
1.    Cuir blúire ar an gcuid den chraiceann is mian leat.
2.    Cuimil go bog isteach sa chraiceann go dtí go mbíonn sé insúite go hiomlán.
3.    Fan 2-3 nóiméad ar an mothúchán téimh.
4.    Nigh na lámha go hiomlán tar éis úsáide agus seachain teagháil leis na súile nó le baill íogaire.

Úsáid sheachtrach amháin

Déan réamhordú anois le haghaidh sochar eisiacha!
Bí ar thús cadhnaíochta ag úsáid Uachtar Téarnamh Spóirt AURA! Déan réamhordú inniu agus faighcroiteoir próitéin le branda AURA saor in aisce  le d’ordú. Tosófar á sheoladh amach i mí Dheireadh Fómhair 2025 - faigh do chuidse anois!

Glac páirt i bpobal AURA
Fan fuinniúil, déan téarnamh níos tapúla, agus tabhair faoi gach dúshlán le hUachtar Téarnamh Spóirt AURA. Bí ag faire amach do leideanna, nuashonruithe agus tairiscintí eisiacha uainn ar na meáin shóisialta. 
Ceannaigh anois agus bain tairbhe as cumhacht an téarnaimh nádúrtha!

Príomhthréithe agus Sochair
●    Comhábhar Gníomhach Nádúrtha Soláthraionn Capsaicin, a bhaintear as piobair shillí, éifeacht bhog téimh a chabhraíonn le faoiseamh a thabhairt do mhatáin agus ailt, agus a thacaíonn le próisis nádúrtha téarnaimh.
●    Forbartha ag Cógaiseoirí Tá AURA foirmlithe go cruinn ar mhaithe le sábháilteacht, éifeachtúlacht, agus cáilíocht le freastal ar riachtanais daoine gníomhacha.
●    Úsáid Dhírithe Le tiúb 100ml is féidir é a úsáid go cruinn ar na ceantair atá buailte, agus tá sé thar barr le haghaidh faoisimh logánta.
●    Úsáid Ilghnéitheach: Oiriúnach don téarnamh iarthraenála, do chothabháil laethúil na matán, nó le faoiseamh a fháil ó mhíchompord gníomhaíochtaí fisiceacha.
●    Foirme Neamh-bhealaithe Insúitear é go gasta sa chraiceann gan fuíoll greamaitheach, ar mhaithe le do chompord.

Conas a oibríonn AURA
Úsáideann Uachtar Téarnamh Spóirt AURA airíonna nádúrtha capsaicin chun mothúchán téimh a chruthú a spreagann sreabhadh na fola sna ceantair ina gcuirtear é, cabhraíonn sé le matáin a bhogadh agus míchompord a mhaolú. Tá an t-uachtar deartha le húsáid go tíosach, le tionchar ag forbairt laistigh de 2-3 nóiméad, le faoiseamh a thabhairt go mear gan stró a chur ar an gcraiceann.

Treoracha Úsáide
1.    Fáisc beagán den Uachtar Téarnamh Spóirt AURA amach ar bharr do mhéara.
2.    Cuimil go bog isteach sa chraiceann thar an matán nó ceantar an ailt atá uait.
3.    Fan 2-3 nóiméad ar an mothúchán téimh.
4.    Nigh na lámha go hiomlán le huisce agus gallúnach agus seachain teagmháil leis na súile nó le baill íogaire.
5.    Úsáid suas le 3-4 uair sa lá mar is gá, ach seachain an iomarca úsáide.

Rabhadh: Úsáid sheachtrach amháin Ná húsáid ar chraiceann briste, ar sheicín mhúcasach, ná ar cheantair íogaire. Éirigh as a úsáid má tharlaíonn greannú agus téigh i gcomhairle la Gairmeoir Chúram Sláinte.

Ar ais chuig an mblag